Bhain 26% de na gearáin a cuireadh faoi bhráid an Choimisinéara in 2008 le sárú ar fhorálacha i scéimeanna teanga, i gcomparáid le 23% in 2006 agus 2007. Tá na gearáin seo ar na gearáin is tábhachtaí a dhéantar ós rud é go mbaineann siad le sárú ar na gealltanais a dhéanann na comhlachtaí stáit féin i dtaobh an Achta.
Léiríonn na gearáin áirithe seo nach bhfuil cuid de na comhlachtaí stáit dáiríre faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na scéimeanna a aontaíonn siad féin don Acht. I measc na gcomhlachtaí ar sháraigh a scéimeanna teanga féin tá:
- an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh as ucht an easpa tacaíochta d'ainmneacha le síntí fada ar a gcóras ríomhaireachta,
- an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí as ucht an easpa ábhair i nGaeilge ar a suíomh idirlín,
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte as cigireacht i mBéarla amháin a dhéanamh ar naíonra i nGaeltacht na Gaillimhe.
Creidim go bhfuil gá le seirbhís eolais, ar nós suímh idirlín, chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí a thairgtear de réir na scéimeanna teanga, agus faoina gcearta reachtúla de réir an Achta. Luaitear go minic go mbíonn comhlachtaí níos toilteanaí seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge ach amháin an t-éileamh ón bpobal a fheiceáil. Chuirfeadh a leithéid de sheirbhís ar chumas an phobail a gcearta a chur i bhfeidhm agus na seirbhísí a thairgtear faoi láthair lorg agus a choinneáil ar fáil.
No comments:
Post a Comment
Is féidir do thagairtí a scríobh anseo, má bhíonn tú deas!