19 Bealtaine, 2009

An Caighdeán Oifigiúil 2009

Is é seo an chéad alt i sraith alt ar an mblag seo faoin gCaighdeán Oifigiúil agus é a chur in oiriúint do theanga an lae inniu.

Dar le sainchuntas oibre don Stiúrthóir um Sheirbhísí Aistriúcháin nua, go mbeidh ar an té a cheapfar athbhreithniú a dhéanamh ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge laistigh de 12 mhí. Aithníonn múinteoirí, teagascóirí agus aistritheoirí go bhfuil Caighdeán 1958 mí-oiriúnach do theanga labhartha an lae inniu, bréagnaitheach in amanna agus ródheacair do mhic léinn.

In ainneoin go bhféadfaí an t-airgead a chaitheamh ar rudaí eile a rachadh níos mó chun tairbhe na Gaeilge, mar shampla cóiríocht bhuan do Ghaelscoileanna, ba chóir fáilte a chur roimh an gcéim chun cinn seo ar an mbonn go gcabhródh sé go mór le foghlaimeoirí na Gaeilge an teanga a fhoghlaim agus go gcothódh sé féinmhuinín i measc na bhfoghlaimeoirí an teanga a labhairt.

Mar sin, conas is féidir an Caighdeán a chur in oiriúint do na blianta atá amach romhainn? D’fhéadfaí breathnú ar mholtaí an Ollaimh Dónall Ó Baoill maidir le Caighdeán Cúng agus Caighdeán Leathan. Tagann an Coiste Téarmaíochta le moltaí Uí Bhaoill agus molann úsáid an tséimhithe a chóiriú. Tá neamhréitigh eile idir Caighdeán 1958 agus Foclóir Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill nach mór a réiteach do Chaighdeán 2009, ar nós “ní amháin” agus “ní hamháin”.

Pléifidh an dara halt sa tsraith seo le Caighdeán Cúng agus Caighdeán Leathan a chur i bhfeidhm.

14 Bealtaine, 2009

Eagraíochtaí Gaeilge

Tá sé ráite ag an Aire Éamon Ó Cuív gur mhaith leis go mbeadh aon eagraíocht teanga amháin ann. Dúirt sé an méid seo le linn cainte a thug sé ag an seimineár "Ar Scáth a Chéile" a reachtaigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag tús mhí na Bealtaine. Ní raibh sé d'acmhainn agam freastal ar an seimineár seo ach is suim liom a ndúirt sé i dtaobh na n-eagraíochtaí Gaeilge agus máthair-eagraíocht amháin a dhéanamh astu. Aontaím go bhfuil féidearthachtaí ann eagraíochtaí áirithe a chur le chéile, nó ar a laghad go mbeadh a thuilleadh comhoibrithe agus comhfhiontar eatarthu.

An cheist atá ag dó na geirbe ag na heagraíochtaí Gaeilge ná conas is féidir é seo a chur i gcrích agus cén chuma a bheadh ar a leithéid d'eagraíocht?

Cur chuige amháin ná go bhféadfaí eagraíochtaí comhchosúla a chur le chéile. Is sampla maith é na cúig óg-eagraíocht Ghaeilge: Óige na Gaeltachta Teo., Cumann/Coláiste na bhFiann, Spleodar, Ógras agus Feachtas. Ós rud é go bhfuil an óige agus an Ghaeilge mar thréith chomónta eatarthu, tá saineolas ag na heagraíochtaí seo ar na bealaí éagsúla gur féidir an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus bhainfeadh siad tairbhe as a dtaithí a roinnt le chéile.

Cur chuige eile ná go bhféadfaí eagraíochtaí stocaireachta ar nós Chonradh na Gaeilge agus Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a chur le chéile. Pléann Conradh na Gaeilge leis an bpobal agus déanann siad stocaireacht leis an rialtas ar son an phobail. Pléann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge leis na heagraíochtaí Gaeilge agus déanann siad stocaireacht leis an rialtas ar son na n-eagraíochtaí. Tá neart comhoibrithe ann i measc an dá eagraíocht seo cheana féin.

D'fhéadfaí ranganna Gaeilge Chonradh na Gaeilge, Ghaelchultúr, Ghael-Linn a nascadh le chéile chomh maith.


Measaim go mbeadh fiúntas le tuilleadh comhoibrithe i measc na n-eagraíochtaí Gaeilge, ach níl sna pointí thuas ach moltaí garbha. Cén cur chuige eile a bhféadfaí a chur i bhfeidhm? Agus conas is féidir iad a chur i bhfeidhm?

13 Bealtaine, 2009

"Crammáil" agus Foghlaim Teangacha

Is í seo an tseachtain dheireanach sa téarma i gcuid mhaith de na hinstitiúidí tríú leibhéal trasna na tíre: uair na dea-aimsire. Bíonn tascanna le críochnú ag na mic léinn agus bíonn an freastal ar na ranganna i gcónaí níos fearr nuair a bhíonn scrúdú le déanamh acu.

Ba mhac léinn mé uair amháin agus tuigim go maith saol an mhic léinn: iad ag críochnú tascanna ag an nóiméad deireanach, ag crá na dteagascóirí agus na léachtóirí le ceisteanna, agus ag iarraidh cothromaíocht a bhaint amach idir staidéar a dhéanamh agus scíth a thógáil.

Ach tá difríocht mhór amháin idir mic léinn teanga agus mic léinn roinnt ábhar eile. Ní rud í teanga is féidir a fhoghlaim taobh istigh de sheachtain, de choicís, de mhí, nó de bhliain. Tógann sé cúpla bliain ar an mac léinn teanga a fhoghlaim go maith, go háirithe mura bhfuil ach seisiún amháin in aghaidh na seachtaine aige/aici.

Tugaim an chomhairle chéanna do gach mac léinn Gaeilge tar éis dó/di cúrsa a thosú: is gá í a úsáid go réamhghníomhach idir rang seachtaine amháin agus rang na seachtaine ina diaidh. Is é sin le rá go mbíonn ort smaoineamh ar na focail, ar na frásaí agus ar na rialacha gramadaí agus iad a úsáid gach lá. Mura bhfaigheann tú an deis í a úsáid le daoine, bí ag caint leat féin! De réir a chéile a fhoghlaimíonn tú an teanga. Is mic léinn muid go léir i gcónaí.

11 Bealtaine, 2009

Scéimeanna Teanga sáraithe ag Comhlachtaí Stáit

Bhain 26% de na gearáin a cuireadh faoi bhráid an Choimisinéara in 2008 le sárú ar fhorálacha i scéimeanna teanga, i gcomparáid le 23% in 2006 agus 2007. Tá na gearáin seo ar na gearáin is tábhachtaí a dhéantar ós rud é go mbaineann siad le sárú ar na gealltanais a dhéanann na comhlachtaí stáit féin i dtaobh an Achta.

Léiríonn na gearáin áirithe seo nach bhfuil cuid de na comhlachtaí stáit dáiríre faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na scéimeanna a aontaíonn siad féin don Acht. I measc na gcomhlachtaí ar sháraigh a scéimeanna teanga féin tá:

  • an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh as ucht an easpa tacaíochta d'ainmneacha le síntí fada ar a gcóras ríomhaireachta,
  • an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí as ucht an easpa ábhair i nGaeilge ar a suíomh idirlín,
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte as cigireacht i mBéarla amháin a dhéanamh ar naíonra i nGaeltacht na Gaillimhe.

Creidim go bhfuil gá le seirbhís eolais, ar nós suímh idirlín, chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí a thairgtear de réir na scéimeanna teanga, agus faoina gcearta reachtúla de réir an Achta. Luaitear go minic go mbíonn comhlachtaí níos toilteanaí seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge ach amháin an t-éileamh ón bpobal a fheiceáil. Chuirfeadh a leithéid de sheirbhís ar chumas an phobail a gcearta a chur i bhfeidhm agus na seirbhísí a thairgtear faoi láthair lorg agus a choinneáil ar fáil.

09 Bealtaine, 2009

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2009


Tá gnó Ard-Fheise na bliana seo rite agus mé ag súil le tabhairt faoi rannpháirtíocht níos gníomhaí a ghlacadh sa Chonradh. Tagann smaointe chugam ag an Ard-Fheis, rud nach dtarlaíonn roimh spriocdháta na rún faraor.

Tar éis dom rún 17 a léamh (rún nár cuidíodh), bhí fonn orm é a leasú ach níorbh fhiú é a dhéanamh. Measaim féin má tá rún le rith, is fiú an réamhobair a dhéanamh agus rún praiticiúil a mholadh.

Ní dóigh liom gur athléigh leath de na moltóirí a rúin sular chuir siad iad faoi bhráid an Chonartha. Moladh fiúntach a bhí ag Seán Ó hAdhmaill fáil réidh le húsáid an tsaorbhriathair an oiread agus ab fhéidir toisc nach mbíonn an fhoclaíocht láidir a dóthain go minic chun beart praiticiúil a chur i gcrích.

Toradh maith ón Ard-Fheis is ea go n-eagróidh Craobh Ghlór na Ríogh an Ard-Fheis in 2011. Deis iontach atá don Chonradh fuinneamh úr a mhealladh ó mhic léinn choláistí 3ú leibhéal Bhaile Átha Cliath.