12 Meitheamh, 2009

Foghlaimeoirí Fásta na Gaeilge agus an Bhunmhúinteoireacht

Le bliain anuas tá méadú suntasach le brath i líon na bhfoghlaimeoirí sna ranganna Gaeilge do dhaoine fásta atá ag iarraidh dul leis an mbunmhúinteoireacht. Tá mé ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta i mBaile Átha Cliath le dhá bhliain anuas agus i gcónaí iarraim ar na rannpháirtithe a chur in iúl don rang cé hiad agus cad chuige a bhfuil siad ag freastal ar an rang.

Luaitear cúiseanna éagsúla:
  • go bhfuil suim acu sna teangacha; go mba mhaith leo í a fhoghlaim ós rud é gurb í a dteanga náisiúnta;
  • gur ar mhaithe le bualadh le daoine nua agus cúrsaí sóisialta atá siad ag freastal;
  • go bhfuil páistí acu ag freastal ar Ghaelscoil nó go mba mhaith leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí;
  • go bhfuil siad ag iarraidh a gcuid oibre sa tSeirbhís Phoiblí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge;
  • agus níos minice ná aon rud eile, bíonn foghlaimeoirí ann ag iarraidh áit a fháil ar cheann de na cúrsaí bunmhúinteoireachta sna coláistí oiliúna.

Cad é an spreagadh taobh thiar den athrú mór seo, ag dul ó ghairm bheatha amháin go gairm bheatha iomlán éagsúil? An bhliain seo caite, luadh go raibh 'dúshlán nua' uathu, go bhfuil 'leadrán' ina bpost reatha, go bhfuil post níos corraithí uathu, nó go raibh siad i gcónaí ag iarraidh bheith ina mbunmhúinteoirí agus gurb é seo an t-am feiliúnach.

I mbliana, tá an dream seo ag éirí níos líonmhaire agus iad ag lua go bhfuil a bpost caillte acu, nach bhfuil cobhsaíocht san earnáil ina bhfuil siad ag obair: an cúlú eacnamaíochta reatha i gcoitinne.

An bhfuil aon rud cearr leis an suíomh seo, .i. daoine ag freastal go frithghníomhach seachas go réamhghníomhach? Ní fhéadfainn locht ar bith a fháil ar na foghlaimeoirí seo as ucht bheith ag iarraidh saol níos compordaí a bhaint amach dóibh féin agus dá gclann. Níl ach moladh le dul do dhuine ar bith a chláraíonn do rang Gaeilge. Ach cothaíonn seo fadhbanna.

Fadhb phraiticiúil a bhaineann leis an dream seo ná go n-athraíonn an dream seo dinimic an ranga. Is daoine iad go minic atá ródháiríre faoin rang Gaeilge. Cuireann seo brú ollmhór orthu féin agus nochtar seo sa rang mar fhrustrachas. Cuireann sé isteach ar na mic léinn eile chomh maith agus éiríonn sé níos deacra dom mar mhúinteoir an spraoi sa rang a chothú.

Fadhb shochtheangeolaíoch a bhaineann leis ná go bhfuil dearcadh na bhfoghlaimeoirí i leith na teanga ag dul ar gcúl. Le blianta beaga anuas, ar chúiseanna éagsúla sa timpeallacht shochtheangeolaíoch, tá an Ghaeilge ag éirí níos faiseanta. Mar thoradh air seo tá an nasc idir an teanga agus an seomra ranga scoile á bhriseadh agus tá spraoi ag baint leis an teanga anois. Ach tá an dul chun cinn sa seomra ranga á scriosadh ag an dinimic nua.

Ní rud maith é an teanga a nascadh leis an scoil agus an seomra ranga. Níl réiteach agam ar an bhfadhb ach is ábhar macnaimh é.